Múinteoirí (Bunscoile/ Iarbhunscoile)
Dáta Tosaithe: Meán Fómhair 2024
Tá postanna ar fáil do mhúinteoirí tiomanta agus díograiseacha i scoileanna lán-Ghaeilge le tosú i mí Mheán Fómhair 2024. Táimid ag lorg múinteoirí a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus a bhfuil scileanna ar leith acu le hábhair éagsúla a theagasc trí mhéan na Gaeilge.
- Múinteoir cáilithe.
- Líofacht sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh.
- Cáilíocht mhúinteoireachta aitheanta
- Tuiscint ar chultúr agus ar oidhreacht na Gaeilge.
- Cumarsáid mhaith le daltaí, tuismitheoirí, agus comhghleacaithe.
Freagrachtaí:
- Múineadh na n-ábhar curaclaim trí mheán na Gaeilge.
- Measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na ndaltaí.
- Tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt teanga agus cultúrtha na ndaltaí.
- Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim agus tionscadail scoile.
Tairiscint:
- Timpeallacht spreagúil oibre i scoileanna lán-Ghaeilge.
- Tacaíocht leanúnach do ghairm bheatha agus d'fhorbairt ghairmiúil.
- Deiseanna forbartha agus comhoibriú le foireann thiomanta.
Más múinteoir tú agus tá suim agat a bheith ag teagaisc i nGaelscoil, seol isteach do CV fríd an nasc thíos.
Bí linn chun cur le todhchaí na Gaeilge agus chun a bheith mar chuid d'fhoireann bhríomhar lán-Ghaeilge!
Nóta: Tá na poist seo faoi réir Fíoraithe an Gharda Síochána / Access NI ag brath ar an suiomh.