Seirbhís Earcaíochta ar mhaithe le leas an Phobail
Mar Fhiontar Sóisialta, ba mhaith linn seirbhís earcaíochta neamhthraidisiúnta a chur ar fáil ar chostas reasúnta.
Is é an cuspóir atá ag Gaelphoist daoine le Gaeilge a mhealladh, iad siúd atá bainte leis an earnáil agus daoine nach bhfuil baint acu ann faoi láthair, agus deis a thabhart dóibh bheith ag obair san earnáil Gaeilge. Is é an aidhm atá ag Gaelphoist go mbeidh daoine dea-chóirithe leis na scileanna a bhíonn de dhíth orthu, bheith in ann tabhairt faoi dhualgaisí atá bainte leis an phost a bhfuil suim acu ann agus leis sin folúntais san earnáil a líonadh.